School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)5.
Gheobhaidh tú an t-ór ann agus togha na córach
Tair-se liomsa agus raghadh-sa leat
Beidh ár gclann tógtha is stáit go deo aca
Is is fearr dóibh siúd ná an Mountain Lot.6.
Slán le h-Éirinn is fágfad féin í
Is ní chasfaidh mé ar an sliabh níos mó
Slán lem' ghaoltaibh do bfearr a bhí ag aoinne
Cé gur dúbhach an scéal liom bheith ag scaramhaint leo7. Slán lem' comharsan do bhíodh i gcabhar liom
Istigh dtigh an tabhairne ag ól lem' thaoibh
Bíodh bhúr nguí gan faoiseamh le Rí na Glóir?
Go seolfar mise gan bhrón i dtigheas.8.
Seo ghuí do bheirim óm chroí le fáilte
Ná bainfidh fán dúinn ar feadh na slí
Ná bainfidh fán dúinn na basgadh sláinte
Ná 'lake' san áthrach ann a raghamaois síos.9.
Beidh ár gclann fé áthas i nGárd Canada
Is mé is an t-ál úd fé bhun an chrainn
Beidh tuagh i nár láimh dheis ag bualadh rás air
Is ón uair sin, slán libh go bráth arís.- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male