School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 157

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 157

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 157
  3. XML “Comhairle don bPeacach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. A Pheacaig, déin machtnamh agus múscailt
    Agus cuimhnigh ar Úr-Mhac na hÓg
    Sinn tú do sheachaint ar pheaca na dtrúisc
    'S ar mealladh gach comh-bhruinneal óg
    Mar a mheasaim, ní slachtmhar é do g-cúntas
    Agus a n-olcas a dhíolfar leag fós
    'Mach as Parrtahas beannuighe an Úir Mhic
    Mar a gcasar ar chruaidh-ghol is deór.
    2.
    Dá mbeadh cuimhne ná smaoineadh ag Gael bocht
    Dé an s-solás tá sa saol so le fáil
    Is minic a bheidís ag géar-ghol
    'S ní ag imeacht ar straé mar atáid
    An t-Aifreann ná diúltaigh ar aon rud
    Níl aon sólás sa saol so níos fearr
    Ann a mbeirimíd ceud glóire agus buíochas
    Leis an t-Aon Mhac a dhein eis-éirí slán.
    3.
    Tráighfidh an fharraige drúchtmhar
    Agus silfidh gach cruadh-charraig deór
    Agus iompóchaidh an ghealach a cúl linn
    'S an ghrian-gheal ní soillseódh níos mó
    Tiocfaidh na h-Easbaill 'nár dtimpeall
    Agus Banríon Gheal chumhtha na n-óg
    Agus séidfidh an t-aingeal a thrúmpa
    'S raghaidh gach anam na comh-cholann chóir.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male
    Informant
    Donncadh Ó Caoimh
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Mountmelleray, Co. Waterford