School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Féachaint an meisce a bhí ort nó mearbhall díghe
No in do codladh go socair a bhí tú
Go scriosfainn an ghainimh ded mhála ba mhíne
Go mbeirfainn liom go tig na díghe thú
Go n-ólfaimís ár ndóthain mar ba é ba cleachtadh dham ar a thagainn go dtí tú.
A Learaí, a Bhreathnaigh an malla ba mhíne
A mhic an athar nár mharluig a líne
A mhic na máthar ná cháinfear choidche
Tá go ghataí daingean ó maidin go h-oíche
Agus féar glas ag tarrsaingt an tighe agat
Daoine bochta agus osna na gcroí istig
Mar ba maith é d'fhocal ar maidin lae an chíosa
Bhíodh fuaim ag an eas ag casadh go cruinn ann
Fuaim ag an mbradán ag snámh sa linn ann
Fuaim na cuaiche ag cluais an tighe agat
Tradhnach, naosgac agus an faoileann
Agus gach beag eile a bhíodh tríotha
Ar do láthair mar a mbíodh gráinne an tsíl-cheartA fixed haggard for threshing with a flail.- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Informant
- Donnchadh Ó Caoimh
- Gender
- Male
- Address
- Knocknafallia, Co. Waterford