School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 137
  3. XML “Guí an tSagairt”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is dócha go bhfuil trí fichid bliain ann ó bhí an tAthair Seán Ó Meara mar sagart paróiste san Eaglais,
    Is as Gaeilge do labharadh sé lena muintir go coitianta agus bhíodh sois-scéal aige dóibh gach Domhnach. Siad na focail deireannacha a bhíodh aige dóibh i gcónaí ach "go ligidh Dia go mbeidhmíd go léir ar slua na marbh".
    Lá dá raibh sé ag tabhairt sean-móin uaidh ar an Eaglais dúirt sé ná raibh aon fháil ag aoinne dul ar Neamh ach iad san a bhí san Eaglais.
    Bhí beirt sean-fhear i measc an phobail agus iad ina shuí le cois a chéile. Nuair a chloiseadh ar na focail sin d'fhéachadar ar a chéile. Ansan thug duine acu sunnc dá uillinn don duine eile agus dúirt sé "Ó dar fiadh, a Sheáin, a d'airigh tú cad dúirt sé? Agus cad ón diabhal a dhéanfadh muintir Baile na Páirce anois?" (Baile na Páirce is eadh ainm an cheanntair is giorra don cheanntar eile sin - an Eaglais.)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male