School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 133

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 133

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 133
  3. XML “An Giorria”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is ar Chnoc Mhillerí deirtear gur thit so amach idit trí agus ceithre scór bliain anois ann.
    Bhíodh an scéal coitianta go maith ar bhéalaibh sa ndaoine sa cheanntar san, go mbíodh daoine agus droch-amhras ortha ar a bheith ag goid bainne bó na gcomharsan. Go raibh an diabhal féin ag cabhrú leis an dream san agus go raibh a rún ann go bhfuighdís ainmhidhthe do dhéanadh díobh féin.
    Ráinneadh go raibh beirt ag fiadhach ar an sliabh agus go raibh péire con acu. Ní ró-fhada gur dhúiseadar gearrfiadh agus as go bráth leis na coin ina dhiaidh. Thug sé a aghaidh ar tigh beag cinn-tuighe a bhí suite ar thaobh an sliabh. Lean an bheirt fhear an cúrsa lena shúil agus bhreathadar ná tabharfadh an gearrfiadh an tig leis. Is ar éigin do dhein sí fuinneóigín ar phinniúr an tighe agus bhí sí ar oscailt.
    Bhí na coin agus a mbéal oscailte ar tí snáb do thabhairt ar an ngearrfiadh nuair do scuab sé isteach tré comhla na fuinneoige.
    Tháinigh an beirt fhear de shíth-reatha agus go saotharach. Isteach sa tigín leo agus síos sa seomra codlata. Bhí fuil ar na h-éadaigh leabthan ar an úrlár ar an bhfuinneog i.e. mar d'éirigh le madra acu píosa do bhaint as a chromán. Ba shean-bhean do bhí sa leaba. Caitheadar na h-éadaí leaba i leath-taoibh agus ansan nochta da dóibh stiall fada dearg friseálta bainte amach glan as a cois.
    B'in í, an tseanbhean, an gearrfiadh a bhíodar ag fiadhach. Bhí sí amuigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male