School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 130

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 130

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 130
  3. XML “Rud nár Dhóigh le hAoinneach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seaidléir a beadh Seamus Thaidhg agus bhí a chéird go maith aige. Chónaigh sé ar slí na fírinne le dachad bliain.
    Ní raibh aon 'tabhairt suas' ar Shéamus ach bhí sé cúibhseach maith as i gcúrsaibh an tsaoil. Bhí sean-aithne agam air agus bhí sé ann féin go mórdhálach.
    D'éirigh leis uaireadóir phóca do chaitheamh agus an t-am san is ag fánaire amháin a bhíodh a leithéid.
    Fuair na comharsain amach i dtaobh uaireadóra Sheamus ná faghadh Séamus an t-am go léimh. Dá bhrí sin thagadís ina sluaightibh ag lorg an t-am de ló a bhíodh ann.
    Thumadh Seamus a lámh síos i bpóca a bheiste agus nuair a chítí arís í bhí i lár a bhaise turnap mór d'uaireadóir. Thugadh sé súil-fhéachaint uirthi agus ansan theaspáin sé aghaidh an uaireadóir don té a bhíodh an t-am uaidh agus ansan deireadh sé - agus na focail céanna i gcónaí - "ar ndóigh le h-aoinne go mbeadh sé comh deidheanach san an t-am seo de ló".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male