School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 123

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 123

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 123
  3. XML “An Bhean Rua”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is dócha go bhfuil triochad bliain anois ó innseadh so dom. Is ag dul abhaile ón scoil do bhíos féin nuair do chonacas fear ar thaobh an bhóthair agus é ag deisiú rothar.
    Stadas is bheannuigheas dó. Is é do bhí go cráidte. Dúirt sé liom gurab é sin an t-octú babhta aige an lá san ag stopadh poill san mboinn. Chuir a scéal iontas orm agus dúbhras san leis. "Bhuel", arsa sé "ní chuireann sé iontas ormsa". "Dé chúis é sin?" arsa mise. "Mar nuair do bhíos ag bogadh chun bóthair ar maidin is ar éigin a bhíos socair ar an ndiollaid nuair treasna an bhóthair romham amach le bean agus a cuid gruaige rua buí an imeacht le gaoith".
    "Dá gcuimhneóchainn orm féin in am, chasfainn abhaile, ach bhí sé de mí-ádh orm dul chun cinn. Tá fhios agam anois cad ba bhun leis - an ceann rus sin a bhuail treasna orm ar maidin. Má bhuaileann a leithéid arís fúm, ní bheidh orm ach casadh abhaile dhom féin".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male