School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 120
  3. XML “Filíocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 'Sé an cuimhne is sia siar im cheann Patsy Mulcahy d'fheiscint im thig féin. Cúpaer ab ea Patsy ach ní ar a chéird a mhair sé. Rinncóir den sean-aimsire agus den sean-nós ab ea é agus ní raibh a shárughadh lena linn. Is mó rinnceóir i mbaile sa i gcéin a bhain iarracht buachanta air, ach do theip ortha go léir mar ní raibh acu éadtromacht, gluaiseacht agus aicill, dheacht comh maith go leór chun Patsy do chur fé chois.
    Bhíodh scoil le rinnce do mhúineadh ag Patsy i gcúinne páirce gach tráthnóna Samhraidh agus a thuarasdal 'leath-phiúnta' gach ceacht agus an cleachtadh saor.
    Bhuaileadh sé isteach chughainn go minic ag braith ar a bholg a líonadh mar go deimhin ba mhinic folamh ná lán an bolg ceudna san. Bhíodh mo mháthair cráite aige agus théigheadh sí i bhfolach uaidh uaireannta. Chonaic sí ag teacht é tráthnóna agus shín sí ar an leaba ag coinne go mbogfadh sé leis arís gan mórán moille, ach ní mar shaoiltear a bhidhtear.
    Nuair ná raibh mo mháthair á fáilltuighadh ghlaoidh sé ormsa agus d'iarr cá raibh Mommy. D'inniseas dó. Ansan ba ghairid go raibh sé ag portuidheacht mr seo :-
    Tá an chearc ar gor, tá an charc ar gor, tá an chearc ar gor, a mhadainín
    Tá an chearc ar gor is na luí ar shop is ní thabharfadh sí té don mbochtainín
    Bé sin an cleas Patsy chun a nochta do mo mháthair go raibh fhios aige cleas mo mháthair
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male