School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 117
  3. XML “Cois Tine”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is cuimhin liom nuair a bhíos im leanbh cois tine sa nGeimhreadh agus na comharsan bailithe isteach gheibheadh duine cipín agus bátha isteach sa tine é. Nuair a bhíodh sé i na lasair tharraingigheadh sé amach é agus ó thaobh go taobh leis agus é greamaithe idir a mhéaranna an fhad a bhíodh sé ag rá na focail seo leanas :-
    "Bidín beo, bidín marbh, máfhaghann sé bás idir do dhá láimh an trom trom le cur ort".
    Ansan tugadh sé an cipín lasta do gach duine i ndiaidh a chéile agus bíodh ar gach duine an rud ceadna do dhéanamh agus na focail ceadna do rá.
    Pé duine a raghadh an cipín i n-éag air bheidh ar an duine sin dul ar a ghlúnaibh agus ar a lámhaibh agus leagadh gach duine an rud ceadna do dhéanadh agus na focail ceadna do rádh.
    Pé duine a raghadh an cipín i n-éag air bheadh ar an duine sin dul ar a ghlúnaibh agus ar a láimh agus leagadh gach duine de'n bhfuireann rud éigin ar a dhruim agus bheadh air tomhas dé'r d'é. Leanfaidh de seo - gach duine ag cur a ualaig féin anáirde. Nuair a d'éireochadh leis tomhas i gceart scaoilfuidhe saor é agus bheadh síos ar an té a chuireadh an tomhas air.
    Is minic gur mar sin a chaithidhe an oíche nuair do bhí óg, ach ní h-amhlaidh atá an scéal inniú.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male