School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 115

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 115

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 115
  3. XML “Adhb”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Rángas cúpla bliain ó shoin ann gur bhuaileas le sean-fhear as Dúngarbháin. Bhí del an mí-ádh air agus scaoil mar rún liom go raibh an tart ag goilleamhaint go trom air agus go dtabharfadh a dhá shúil ar chúnta leanna. Ó bhí féith na cainnte comh láidir le sin ann, ní bhfuaras ainm an t-eiteach do thabhairt dó. Ghlaodhas ar phúnta dó. Is ar éigin a bhí sé buailte le na bealaibh, nuair a bhí sé uile ina bholg in aon slogáig amháin. "Bail ó Dhia, ar an scórnaigh" arsa mise. "Ainm a Thiarna" arsa sé ar ais "sin é an t-aon phioc amháin díom ná raibh orm riamh trioblóid do chur ar dochtúir ina thaobh". Níor bhacas le 'glaoch arís' ach chuireadh chugham an cheist neamh-cathianta seo "ar bhraithis riamh meachaint phóca folaimh agus ná bíonn sé níos truime ná lead?" Thugas fath na ceiste ach níor scaoileas leis a bidheacht m'intinne. Nuir nár d'oibrigh do an claonacht, tharraing sé chuige an 'módh díreach' mar seo. Innseosfainn duit adhb ná réiteach duine as ceud ar phúnta eile leanna. "Innis dom é" arsa mise. Déanfadh, ach glaoch ar an deoch i dtosach" arsa mo chara. Dheineas agus ansan dúirt go raibh tamall dá shaol i gCiarraí agus go bhfeacaidh sé, dar a chonsias go bhfeacaidh, i dTráilí lá, láncairte d'adhmud agus gan bata cam ná díreach ann.
    "Réitigh é" arsa sé "agus dar bhrígh an bhata má éiríonn leat, raghadh chun do shocraide ór ná fuil sé im chumas aon rud níos fearr do dhéanadh dhuit.
    D'fhanas ar mo mharana ag cogaint na tíre is ag pléidh na ceiste ach ní raibh pioc maitheasa dom ann mar theip orm fregra do thabhairt air.
    Bhí an púnta folamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male