School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 113

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 113

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 113
  3. XML “An Geall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ba fiche bliain ann anois. Bhíos féin, mo bhean agus mo mhac ag tarraingt chun an séipéal ag Baile na mBialach maidin Domhnaig. Capaillín agus ceárr a bhí againn agus bhí cloigín ag gabháil leis an gculath.
    Bhí leathad an bhóthair d'fearaibh na cosaidheacht romhainn. Nuair do bhuail glór an chluigín ortha bhí fhios aca cé bhí ag teacht.
    "Tá an máistir ag teacht" arsa duine díobh. "Cuirfead scilling do h-aoinne anseo go labhairfidh sé Béarla liomsa anois" arsa duine eile. "Bíodh sé na ngeall" arsa stuachánaí abhí ina measc "ach bheadh sé comh maithliom mo lámh do ropadh síos id phóca agus an scilling do bhaint as mar ní labhairfidh sé as Béarla leat". "Fan go fóill, sé an time to tell the tuth" arsa an fear do thairigh an geall.
    Nuair do bhuaileas leo bhriseadar bearna dom chun dul chun bhealaig. Ar an neomat dearbh san d'iompaigh duine aca go tapaidh ar a sháil a hata árdaithe aige agus amach uaidh leis na focilibh "good morning, sir". "Good morning" adúras féin a fhreagairt. Is ar éigin a bhí na focail as mo bhéal nuair d'airigheas an racht mór gáire.
    B'ait liom cad ba bhun leis an gáire ach d'fágadh dall mé ar feadh bliadhanta ina dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male