School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 111

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 111

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 111
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    I dtig m'athair timcheall seacht mbliadna is dathad ó shoin bhuail fear mór isteach chúghainn le tuitim na h-oidhche.

    I dtig m'athair timcheall seacht mbliadna is dathad ó shoin bhuail fear mór isteach chúghainn le titim na h-oíche. Feirmeoir ab ea é a bhí ina chónaí air aistear míle ó nár dtig-ne agus sé an rud a chuir chúghainne an oíche seo ach 'bheistín bán' a bhí mo athair tar éis a dhéanadh dó.
    Shuí sé le h-ais na tine agus thug goradh dó féin, mar bhí ribe feur glas san aer. Bhíodh cuairteoirí againn de ghnáth agus bhíodar ag cur uatha ar sprideanna an oíche seo. Bhí fhios ag gach duine go mbíodh sceimhle ar an bhfeirmeoir seo bheith amuigh istoíche.
    Bhí mo athair ar an mbórd ag obair ar bheist bán do dhuine eile ach lig air gur don feirmeoir seo é agus nár bhfiú dó imeacht go mbeadh sé réidh dó.
    D'fhan sé, ach má seadh, bhí sé go corruighe agus leanadh ar na scéalata agus ní maol é ba innsint a cuireadh ortha.
    Bhí fuar-allas ag séideadh amach tríd nuair a shín ma athair an 'buindlín' chuige agus bhí criothán ina láimh a thógaint. Bhí air eagla a chroí bogadh abhaile agus d'iarr sé ar dhuine i ndiaidh dhurne bualadh leis cuid den slí ach ní raibh aon mhaith dó ann mar níor thug aoinne toradh air nuair buadhadh air amach leis in aonar.
    Oíche bhréag ghealaidhe a bhí ann - lán ré. Bhí strapadh déanta de clocha fuara ag bun an mhacha chun bualadh amach ar chasán na páirce. Ar an strapadh san ina sheasamh bhí an gabhar mór bán, maol do dhíol mé féin agus mo athair ag aonach Chaisleáin na tSléibhe cúpla mí nó trí ina dhiaidh seo.
    Is ar éigin a bhí an fear bocht imithe nuiar do chualamar an screuch is sceimhleamhla do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male