School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhí i ndán do.
Chonacas fir agus mná óga ag faoileál timpeall ina mbeirt agus go cruinn réidh, leadránach. Pé rud a bhídís ag rá le chéile ní raibh ann cogarnach, díreach is dá mbeadh eagla ortha go gcloisfeadh aoinne na focail agus ansan na súile coracha chuiridís ortha féin nuair do chaithidís súil ar a chéile. Ní raibh fhios agam féin dé chúis ná dé ciall a bhí ag gabháil leis an geaitsibh seo, ach dar ndóigh, caith cleas éigin do bheith ann nó ní bheadh siad go léir á chleachtadh comh dúthrachtach san agus gan stad gan staonadh agus de réir a ndeallramh, chuireadar go leor péise ann agus bhaineadar mór-chuid aoibhnis as.
Sin rud eile bhíodh ar siúl san áit céana ar feadh trí Dhomhnach i ndiaidh a chéile roimh lá an aonaigh. Bhíodh acu fuireann fear as gach taobh na h-abhainn chun 'cod' a imirt. Pé thaobh a bheadh an chraobh acu dhá bhabhta as na trí ia acu san a bheadh 'an sway' an bhliain sin.
Ní bhíodh aon chuaillí acu, ná cúl, ná cúilíní, ach ó chlaidhe go claidhe in aon slí a bhféidir an liathróid do bhreith leo. Ba iontach millteach an cluiche é. I meascáil troid 'cos agus lámh'. Ba rud coitchianta leath dosaon fear do fheiscint ag bualadh abhaile gan teimheal de léine agus go minic an bhest chuirp gan cnaipe ach bhodh a gcasóga gan aineamh mar ní bhídís ortha sa 'troid'. Níor bhféidir cur síos ar na hataí tar éis na troda fíochmhar san.
Cuimhním go minic ar an am fadó nuair do chím uiam páirc an aonaigh inniú. Ag bualadh abhaile dúinn an tráthnóna sin agus mo athair 'maith go leor', d'iarr sé orm an n-íosfainn 'bun'. "Fhíosfainn bun" arsa mise ar ais. "Dá n-iarrfá a n-íósfá lán fuinneoige díobh, bheidhfá níos giorra don marc" mar go deimhin bhíos sclocuithe leis an ocras.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male