School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 108

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 108

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 108
  3. XML “Aonach Chaisleáin an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    súl air agus mo chroí bocht im' béal le h-eagla, gur tugas strac-féachaint inteach i gcabán. Isteach liom. Bhí rinnce ar bun. Mo athair sa doras ag cur na gcos uaidh go h-éadtrom aerach agus i dtiuin leis an bpíobaire. Tháinigh chugham 'dhá chroí' nuair d'féidís teacht suas le mo athair agus é gan sgáth, gan eagla agus iad so láithreach á spreagadh agus á ghríosadh chun rinnce agus tá fhios ó shoin agam gur maith an sás babhta a deunadh ó ar shon go rabhas ró-óg an lá san chun san do thiuiscint. Nuair do chuireadh as anál é, stad den rinnce agus mar an raibh bualadh bas sa chabán san tá an t-éitheach agamsa.
    Bhí firín beag i measc so sa rí-rá agus bhí ina láimhbodhráinín ceoil. Thóg mo athair uaidh é. Chuir sé órdóg a láimhe clé isteach i bpuillín a bhí gearrtha amach ar imeall an mhéisín ceoil so. Séideadh suas port agus le méar fada na láimhe deise m'athar baineadh ceol agus glór as thóin an meisín san.
    Tar éis sin luigheadh isteach ar amhráníocht agus ba cosúil le comórtas a bhí ar bun. Toghadh amhránaí as gach taobh den abhainn agus sar a cuireadh deire leis an gcomórtas bhí foireann as gach taobh agus gan ó aoinne acu chun bhrúchtaidh amach ach 'gaoth an fhocail' bhí an oiread sin faobhair ortha chun an craobh bo bhreith leo.
    Do phreab i lár an gleó seo agus gan cuireadh, gan iarraidh, do ghluais gach duine amach as an cabán, amach ar páirc an aonaig. Cad a bheadh ann ach fear agus a chasóg á tharraingt ina dhiaidh aige ar an mbán. Bata deilgneach droighnighe greamaithe go dtocht ina láimh dheis agus é ag bagairt cuireadh sin go fonnmhar tapaidh agus ní amháin gur chuaidh an fear bocht san abhaile gan casóg ach is iontach an scéal é má bhí luath cos na lámh aige tar éis an láimhseála
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
      2. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    2. agents (~1)
      1. people
        1. factions (~230)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male