School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 107

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 107

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 107
  3. XML “Aonach Chaisleáin an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá leath-chead bliain ann anois ó bhí an t-aonach sa cheanntar seo i bparóiste Midh Deoilge, i lár na nDéise, atá sé suite agus ar bruach abhann na Fionn-uisge. Sa Bhealtaine a beadh lá an aonaig. Is cuimhin liom go rabhas féin ag an aonach deireannacg seo. Thug mo athair cead dom dul leis mar bhí le díol aige sean-ghabhar mór, bán, maol. Bhíos acrach chun aireachas do thabhairt don maol. D'oir so do mo athair mar bhí rud beag dúile sa mbrannín cruaidh aige chun a mhisneach agus a choidhe do choiméad ar boradh agus dar ndóigh ba mhaith an fheudáil chuige sin é. Ba mhinic budh phráidhmneach bolgam den deúichtín mar ba soléir do duine a bheadh láithreach a chidhfeadh na ciotrainní, na h-achrainní, na iomeasgháil agus na hiarrachtaí treuna, calma a thugtaoí fé chloiginn a chéile do chur i na bfiar le neart phléascaidh leis na mbataibh dhroighinn a bhíodh á righniughadh sa t-simné ó san go deire na bliadna.
    Tar éis mór-chuid duaidh d'éirigh le mo athair an gabhar do dhíól ar trí ia raol ach amháin trí-pingne 'luck penny' do thabhairt uaidh. Tá fhios agam anois go raibh an gabhar bocht san chomh-aosta le 'Bóthar Eochaill' agus 'Baty an Cnagaire' a bhíodh againne i gcónaí airthi mar ainm agus dar ndóigh ní gá ceist do chur ina thaobh.
    Im thráthnóna tháinigh fear mór fiadhain stuacach an seanncum do fhágáil ó mo athair ach ní fheadar cad é an crann fearainne. Bhí sé 'ag baint fóidíní' buailte nuair a thug mo athair fogha idurthar é agus d'éirigh leis é a chur á thomhas féin ar fleasc a dhroma. Nuair a bhí sé ar lár aige as go bráth le mo athair agus d'fhág mise ar crith le uathbhás agus scoimhle.
    Bhí fonn ar mo chosa féin stailc do ghlachadh ach comh luath is do éirigh liom iad do mhealladh chun bóthair as go bráth liomsa leis ar mo athar ach ní bhfuaras leagaint na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
      2. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    2. agents (~1)
      1. people
        1. factions (~230)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male