School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 105

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 105

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 105
  3. XML “Na Seanveists agus na Carbhats”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pósadh m'athair 68 bliaina ó shoin agus is leis na Carabhats ab eadh féin agus gach duine ar bhain leis. I gcreidfidhe gur phós sé iníon Sheanbhest. Bhí san dona go leor ach fós níor bhuail isteach go docht daingean in aigneaoinne i láthair na bain-fhéise an choir millteach a bhí déanta.
    Nuair a bhí árd-cheó na h-oíche ar a aoirde agus na 'braoiníní cruadha' ag oibriughadh agus aon nabhfeidm san le feiscint go soiléir, 'seadh chaith duine éigin isteach sa crann-sparainne seo : "Cad fén diabhal a bhí ar Sheán Leathan" - ba sin mo shean-athair - "agus a rughaon dó thabhairt do giolla na gCarabhats?" Dá gcaithfidhe bolcán isteach so a bhí láthair ia ar éigin a bheadh an scéal níos measa ná mar a bhí.
    I dheachar bhí an dá dream i scórnachaibh a chéile; bhí sé ina cogadh dearg eatortha: leath díobh ar lár agus gan cnuig asta agus na mná ag cóireacht. Ní féidir cur síos ar rí-rá na h-oíche sin agus an búirthíl agus an dearg-bhuile a bhuail na daoine bochta san gan truagh gan taist, de réir chúntas mo athar. Bhí áthas ar féin teacht as lena anam. Ní raibh de anuimh air ach cnapán mór ina chloigeann agus lámh-leonta. Curtar deire le gach troid agus léi seo mar cách agus sa deire thíar thall d'fhoghlaimia an dá dream baoth so gur fearr an síodhán ná an toirmeasc agus in ionad a chéile chuaidh an dá bhéic crosta san Carabhat agus Sean-bheist in éig.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. factions (~230)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Male