School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)

Location:
Killeeshal, Co. Waterford
Teacher:
Seán Ó Conaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 100

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 100

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 100
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí sí, an t-am so, cráidhte ag na piantaibh.

    (continued from previous page)
    Seo scéal d'inis m'athair dom timpeall caoga bliain ó shoin. Thit an scéal amach ós cionn 70 bliain ó shoin.
    Chónuig sean-fhear bocht, dealbh dar b'ainm dó Tomás Tóibín agus a bhean-chéile i dtigh beag buailte suas le tigh m'athair. Bhí naonúr cloinne acu. Seán an té ba shine. Nuair do tháinigh an t-am cuireadh é mar phrintíseach chun táiliúra. Tar éis bliana gearradh amach pádh dó. Tháinigh sé abhaile um Nodlaig agus cuireadh roimh na Fearradh Fáilte mar bhí fhios ná raibh Seán ag teacht le pócaibh folmha.
    Cuireadh i gcóir dinnéar mór mar onóir ar theacht Sheáin. Shuí an t-athair ag ceann an bhúird agus bheúghaig gach duine eile isteach d'réir mar d'éid sé. Dáileadh an biadh blasta mór-thimpeall. Sar ar thosnuigh aoinne ar na sgeanaibh do chur i bhfeidhm labhair an t-athair mar seo :- "A' bhfuil feoil agat a Chaitlín?". "I have, dad, sir". "A' bhfuil feoil agat, a Mhary?" "I have, dad, sir". "A' bhfuil feoil agat a Thomáis?". "I have, dad, sir". Mar sin a d'imigh an cheist ceadna agus tháinigh an freagra ceadna ar feadh deich babhta. Chuir sé an cheist fós arís chun sean-Chaitlín - an mháthair - agus fuair mar freagra "Tá Thomáis". D'iompaigh an t-athair chun Sheáin agus le gliondar agus faobhar ina ghuth dúirt "Stick to your trade, Jack-a-Boy"
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Conaire
    Gender
    Female
    Informant
    Brighid de Róiste
    Gender
    Female
    Address
    Ballynaguilkee Lower, Co. Waterford