School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (roll number 3549)

Location:
Whitechurch, Co. Waterford
Teacher:
Liam Ó Faoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 88

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 88

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 88
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí mac ag Uaithne agus dhein sé suas le cailín aimsire a bhí ins an chúirt.

    Bhí mac ag Uaithne agus dhein sé suas le cailín aimsire a bhí ins an chúirt. Lig sé air go raibh fonn air í pósadh agus cuir sé suas í chun an droichead tógála a bhí ag dul isteach ann do fhágaint oscailte an oíche seo. Dúirt sé léi solas do chur i bhfuinneóg i m barr na cúirte nuair a bheadh gach ní i gcóir. Thug sé airgead dos na seirbhísigh eile chun dul go dtí tigh tabhairne. Dhein an cailín mar gheall sí agus isteach le Uaithne agus a chompánaig agus chuireadar ceanglaca ar na h-oifigí. Thógadar a raibh d'ollmhaiteas ann agus thugadar na h-oifigí leo go dtí bun na gComarach. Cuireadar chun báis iad agus cuireadar síos i bpoll doimhin iad a bhí san abhainn mar a fanadar i bhfad, Sé an ainm atá ar an áit sin ó shoin ná Poll na Saighdiúirí.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Fadó bíodh trí méilí sa ló mar a tá anois act ní h-é an biadh ceudhna a bhíodh acu.

    Fadó bíodh trí méilí sa ló mar a tá anois act ní h-é an biadh ceudhna a bhíodh acu. Biodh an bricfeásta go moch ar maidin aca. Don méile seo biodh leite agus bainne géar aca. Uaireannta óltaí bainne sciomtha leis an leite.
    Leite, bainne géir agus leamhnacht a bhiodh aca chun an dinnéir agus an rud céanna um tráthnóna. Aon leite is fiche sa tseachtain a thugaidís ar an bia seo. Biodh folláin go raibh neart ann ba eadh an bia sin. Déinfidís go léir oibre roimh a bhricfeást.
    Daoine eile an t-am céanna biodh prátaí aca trí h-uaire sa lá. Biodh bainne géar, im agus salann leis na prátaí aca. Is anamh a bhiodh píosa feol maice. Fo-uair biodh iasc aca.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlin Ní Fionngaile
    Gender
    Female
    Address
    Ballintaylor Lower, Co. Waterford
    Informant
    Bean Uí Mhathghamhna
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Female
    Age
    75
    Address
    Ballymulalla West, Co. Waterford