Scoil: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 3549)
- Suíomh:
- Whitechurch, Co. Waterford
- Múinteoir: Liam Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Duine an ghrádmhar ba'ead Íosa.”
Duine an-ghrámhar ba eadh Íosa. Bhí Prodastúnach ann fadó agus thit an tigh air agus fuair sé bás leis an ngeit. Bhiodh rud le feiscint ina thig gach oíche tar éis a bháis. An oíche seo bhí Íosa ag gabháil thar braghaid agus bhí na trí deiscioball leis; Naomh Peadar, Naomh Seamua agus Naomh Eoin. Chonaic Íosa an rud mór dubh agus arsa sé "Anois a fhear, is dócha ná fuil aon rud le déanamh agatsa ach bheith ag cur eagla ar na daoine". D'imigh an rud as a radhairc agus ón lá sin go dtí an lá seo ní fhacha aoinne an rud sin,- Bailitheoir
- Máire Ní Cobhthaig
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Keereen Lower, Co. Waterford
- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Briain
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 47
- Seoladh
- Keereen Lower, Co. Waterford
(gan teideal)
“Bhí fear in Duithigh Déise tamall de bhlianta ó shoin agus bhí feirm bheag aige.”
Bhí fear in Duithigh Déise tamall de bhlianta ó shoin agus bhí feirm bheag aige. Ní raibh aon sprioch ann chun oibre agus bhí a rian air, bhí sé go beo bocht agus fiacha go leor air. Chuir sé garraí prátaí bliain agus nuair bhí garraí curtha agus d'fhan sé agus bhí na fiadhailtí comh chuig leis na crainn aige. In deire an Samhradh bhí sé ag baint béile prátaí agus cra gheobhadh thar bragh ach an sagart paróiste. "Dia dhuit a Sheáin" arsa an sagart. "Dia is Muire dhuit a Athair" arsa Seán. "Tá na prátaí go mion agat" arsa an sagart. "Níl gaisce ar bith ortha" arsa Seán. "Cad a dhein tú leo?" arsa an sagart. "Ní fheadar" arsa Seán. "Cuireas iad agus d'fhaghas fé Dhia iad. Ach d'fhág Dia fúm féin iad agus cailleadar eadrainn iad.