School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn (roll number 3549)

Location:
Whitechurch, Co. Waterford
Teacher:
Liam Ó Faoláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 51

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0644, Page 51

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Teampoll Geal, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 51
  3. XML “Ard Chromaill”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá páirc in aice mo thighe agus tugtar Árd Chromaill air. Deirtear nuair a bhí Cromaill ag dul ó Dúngarbhán go dtí Eochaill nuair a bhí sé thuas ar cnoc beag ins an bpáirc sin gur chonnaic sé Caisleán Cnoc Meadhon. Do chaith sé piléar leis an gcaisleán agus do leag sé é. Ón lá sin go dtí an lá seo tugtar Árd Chromaill ar an bpáirc seo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
        1. Cromwell (~315)
      2. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Garry Ryall
    Gender
    Male
    Address
    Bridgequarter, Co. Waterford
  2. (no title)

    Bhí garsún ann uair agus ní raibh sé acht naoi bliana núair a fúair a athair agus a mháthair bás.

    Bhí garsún ann uair agus ní raibh sé acht naoi bliana núair a fúair a athair agus a mháthair bás. Ní raibh aon deartháir ná driofúir aige. Bhí duine ina chónaí in aice leis agus thógadar an garsún seo. Ní raibh ins an tigh ach beirt cailíní agus bhí an-ghrá acu don garsún. Dúradar leis go bhfaigheadh sé an tigh nuair a gheobhaidís féin bás. Fuaireadar bás agus fuiar sé an tigh deas uatha. Bhíodh sé amuigh go dtí an t-am mharbh den oíche gach oíche agus raghaidh isteach go dtí an reilig ina raibh a athair curtha ag paidireoracht ar an uaigh. Chuaidh sé istech an oíche seo agus bhí sé ar meisce. Chuaidh sé suas thaobh an séipéil amuigh agus chonaic sé an beirt cailíní lena raibh sé ina chónaí leo ag seasamh ar a n-uaigh féin. Chuaidh sé suas agus níor thug sé aon suim ortha. Nuair a bhí sé gairid dóibh rugadar air agus chuireadar lasmuigh den geata é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.