School: An Eaglais, Ceapach Chuinn (roll number 1395)
- Location:
- Aglish, Co. Waterford
- Teacher: Tomás Ó Leinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Eaglais, Ceapach Chuinn
- XML Page 131
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lucht Siúil
Ghlaodhann lucht siúl go dtí mo thig go minic. Tagann na daoine céadhna gach uair cúgainn.
Bíonn an-chuid earraidhe beaga á ndíol acu. Bíonn lásaí, agus cíoracha, agus pinn, agus sáspáin á ndíol acu. Ceannuigheann siad na rudaí insna bailte Móra, agus cuireann siad cúpla pinginn ós cionn an costais a ceannuig ortha. Bíonn málaí giobalacha ar a ndrom acu, agus coimeádann siad gach rud a gheibheann siad ins na málaí.
Bíonn fáilte rómpa i gcuid des na tighthibh, nuair a bhíonn aon rud maith, agus saor acu le díol. Fanann siad go ceann cúpla lá leis na feirmeóirí. Tugann na daoine biadh dóibh an fhaid a bhíonn siad ag fuireach leó .Gheibheann siad prátaí, agus aráin, agus té, agus bainne ins na tighthibh. Dearann siad nuair a gheibheann siad aon rud ''go ndéanaidh Dia trócaire ar anamana na marbh.(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Dhoghair
- Gender
- Female
- Address
- Clogh, Co. Waterford