School: An Eaglais, Ceapach Chuinn (roll number 1395)

Location:
Aglish, Co. Waterford
Teacher:
Tomás Ó Leinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 112

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 112

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Eaglais, Ceapach Chuinn
  2. XML Page 112
  3. XML “Sagart agus an Diabhal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sagart in Eaglais fadó. Aon oidhche, bhí sé ag dul chun an ola deirneach do thabhairt do fhear a bhí ag faghail báis in Drom Mhór. Bhí capall aige agus é ag marcuidheacht air. Bhí bóithrín ag dul síos go tigh an fhir tinn.
    Bhí an sagart ag dul síos an boithrín agus d'áirig sé duine éigin á rádh. 'Téir abhaile tá an fear tar éis báis a d'fhágháil'.
    Níor bhac an sagart leis an méid sin cainnte. Tar éis tamaill, chonnaic sé rud mór dubh ag dul síos an bóithrín roimhe. Nuair a chonnaic an capall an rud dubh ní chórróchadh sé coiscéim eile. B'éigin do'n sagart teacht anuas de'n chapall agus é ceangal de chrann a bhí ar thaobh an bhóithrín. Rith an sagart síos an bóithrín, agus chuaidh sé isteach sa tigh, agus chonaic sé ná raibh an fear marbh. Thug sé an ola deirneach dó, agus bhí sé ag teacht abhaile. Ní túisge a bhí sé ag doras na cistin ag teacht amach as an tigh ná rith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Fhaoláin
    Gender
    Female
    Address
    Dromore, Co. Waterford