School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 080

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 080

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 080
  3. XML “Naomh Colm Cille”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Naomh Colm Cille agus deisgiobail éigin leis an siubhal cois trága lá. Lá bréagh brothallach Samhradh a bhí ann. Thángadar go dtí pórt a bhí ós cionn na trága agus shuidneadar síos dóibh féin. Thúgadar fé’n ndeara bád beag a bhí tamaillín amach cun fairrge. “Báthfad an dream san” arsa Colm Cille leis an bhfear eile. “Cad é chúis é sin” ar seisean. Mar tá droch fhear sa bhád arsa Colm Cille.
    Nach olc an ceart é sin iad go léir a bhathadh mar geall ar aon droch fhear amháin arsa an deisgiobháil. Níor thug Colm Cille aon freagra air don duire sin Bhógadar leo agus gluaiseacht dóibh d’airig an deisgiobáíl an crónán ag beachaibh. Dheín sé amach nead dóibh. Rug sé ora na dhá láimh acht bud ghairid a congbuig sé iad.
    Do chuir ceann aca cealg ann agus cad do deanfadh sé acht iad go léir a mharbhú agus iad a caitheamh uaidh. “De chúis duit na beaca a mharbhú” arsa Colm Cille. Mar do chuir ceann aca cealg ionam arsa an fear eile.
    “Sead” arsa Colm Cille agus do mharbh tú iad go léir mar geall ar ceann amháin. Sé an sgéul ceadhna é ag lucht an bháid mar geall ar aoinne amháin bathfar iad go léir. Nach oireamnach an sompla a thug an naomh do.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. saints
          1. Colm Cille (~265)
    Language
    Irish