School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear linn go raibh Naomh Déuglán in n-Áird Mhóir roimh aimsir Naomh Pádraig. Deirtear fós nuair a tháinig Naomh Pádraig go barr Cnoic Mhaoil Doinn go raibh fhios aige go raibh obair Dé á dhéanamh siar uaidh.D'réir na sean chuid'the is ó'n mBreatain Bhig ar tháinig an Naomhm go h-Éirinn.
Tá sé ráid'the go raibh sé curtha cun fairrge dá lá nuair a bhraith sé go raibh an clog - clog an aifreann dearmhudtha aige.
Chuaidh sé ar a ghlúnaibh ag iarradh ar Dhia an clog a sheoladh chuige.
Tráthnóna an lae sin thugadar fé ndeara an charraig ag snámh ar bharr na dtonn, agus an clog ar barr na cloiche.
"Pé áit a raghaidh an chloc sin i dtír is ann a chuirfead-sa fúm" a deir Naomh Déuglán.Tháinig an chloch go béal toinne i gCuan na h-Áirde Móire. Tá sí le feiscint ar an lá indiu leaghtha anuas ar dá smuit Chairrig.
"Thoil Dé go ndéintear".
"Is baoghal liom" arsa an cléireach gur beag an áird a bheidh annso orainn"
"Ní headh acht beidh Áird Mhór annso orainn(continues on next page)