Scoil: Áird Mhór, Eóchaill (uimhir rolla 3858)

Suíomh:
Ardmore, Co. Waterford
Múinteoir:
Risteárd Neancól
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 070

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0643, Leathanach 070

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Leathanach 070
  3. XML “An Scoláire Bocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Sciob sé an claidheamh as a dhorn agus sciob sé an ceann de. Ansan bhí an tarna fathach dá chois aige. Nuair a tháinigh an tráthnóna thiomán sé na ba abhaile agus ní raibh slí a dhóthain i bhfeirmeoir de mbainne. Maidin dar ná báireach thiomáin sé leis na ba go dtí áitreabh na bhfathach. Bhí sé ag dul timpeall i rith an lae agus ní raibh aon óir ag teacht air. Ar am mharbh an lae dúirt sé leis féin go raibh deire leo. Bhí coill beag ghairid den áit agus bhí na ba ag inbhear agus casán síos ann dtí palás na bhfathach. Lean sé air díreach an casán gur chuaidh sé síos go dtí an palás. Bhí sé ag féachaint timpeall air féin féachaint cá bhfaigheadh sé an doras chun dul isteach. A bhfad na haimsire fuair sé amach an doras. Leag sé a lámh ar an gclaibín. D'oscail an doras dó. Chuaidh sé isteach. Bhí cliabhán in aice na tine agus fathach óg ina codladh ann. "Hó a mhic a rí ó Éire" arsa sé "is fada mé ag fuireach leat, an mbainfeá luighadh as an ciabhán dom". Bhain an scoláire learcadh ó chroidhe as. "Tá mé le dhá lá im throsgadh" arsa an fathach óg "agus tá ocras orm". "Níl aon rud agam le tabhairt duit" arsa an scoláire bocht.
    "Ó tá" arsa an fathach óg "oscail an cófra ansan agus geoghair buillín aráin trí cuinneach agus caith chugham é". "Lean ort anois" arsa an páiste " an casán síos bo bun na coille. Chífidh tú tobar agus leac anuas air agus cleite de t-aghaidh atá gearrtha agus ní beidh dada ort. Teighir isteach sa stábla agus fritráil do chuid eachanna. Bhí ansan sa stábla trí cinn d'eachanna agus an chead each bhearfadh san ar an ngaoith a bheadh roimhe agus ní bearfadh an gaoth a bheadh ina dhiaidh air. Thiomáin sé na ba abhaile an oíche sin. Maidin lá na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Concubhair
    Gaol
    Duine neamhghaolta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ballynamultina, Co. Waterford