School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 069

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 069

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 069
  3. XML “An Scoláire Bocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mbualadh catha a bhí aca. I gcionn a bhfad d'aimsire bhí n fathaigheach ag dul tré an scoláire bocht nó gur eitil an spideóigín ar a ghualainn dheis. "Foíl! foíl!" arsa sí lei an bhfathaigheach. D'eitligh an scoláire bocht ar sál na choirchlé agus an bhonn na coise deise agus chuaidh de truslóg ar mhullach an claidhe de'n iarracht san agus sciob an chlaidheamh as lámh an fhathaigh. "Foíl! foíl!" arsa an fathaigheach leis an scoláire bocht. "Ní faigheann an ceann a bhaint díot anois?" arsa an scoláire agus bhain sé an ceann de. Fuair sé ramhan agus agus sluasadh ansan, dhein sé poll agus do chuir sé an fathaigheach. Nuair a bhí sé curtha aige bhí an oíche ag breith air. Thiomán sé abhaile a chuid ba crúdhadh iad agus ní raibh slí 'gen b'feirmeoir den mbainne. Maidin dar ná bháineach thiomáin sé leis a gcuid ba go dtí an áit céana. Níor bhfada dó gur d'airigh sé crainn agus clocha ag dul san aer, an sean scraisce bachaigh ag triall air an dara fathaigheach a bhí ann. "Is dócha" arsa sé "gur tusa mhairbh mo niac indé". "is mise" arsa an scoláire bocht. "Cé aca b'fhearr leat, gabháilt de claidhmhe ar easmuigeacha a chéile nó an t-iomrascáil?". "B'fhearr liom an t-iomrascáil mar is air a bhí taithige agam" arsa an scoláire. Luigheadar chuige ansan agus ba mhór an deó féachaint ar an mbualadh catha a bhí aca. Bhí an fathaigheach ró-mhaith don scoláire gur tuirling an spideóigín ar a ghualainn deis. "Foí! foíl!" arsa sí. "Ná buailighidh aon buille eile go mbainfidh sibh rith ar a chéile". D'éirigh an scoláire ar bárr a chois clé agus ar sál a coise deise. Chuaidh sé ar mhullaithe an claidhe d'en iarracht san
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Concubhair
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Ballynamultina, Co. Waterford