School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 068

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 068

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 068
  3. XML “An Scoláire Bocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ba a scaoileadh isteach ina gcuid talmhan. Bhí go mait ach i gcionn seachtaine bhí an féar ag dul i ganncúir ar na ba bainne. Maidin agus an scoláire bocht ag tabhairt amach nuair a bhíodar ag gabhailt thar áit na bhfathach bhí na ba ag búirthigh nuair a chonacadar an féar breá. Arsa an scoláire bocht leis féin is mór an feall sibh a bheith ag búirthigh leis an ocras. An maidin dar na mháireach agus é ag casadh na ba amach ag gabhailt thar geata na bhfathach thosnuigheadar ag búirthigh arís. "Is mór an feall é" arsa an scoláire . Rug sé ar stampa cloiche mar dé chúis fuil na Éireannaigh ag briseadh glas - bhris sé an glas agus scaoil sé na ba isteach ag inbhear dóibh féin. An chéad greim a strac an céad bó a chuaidh isteach d'airigh an scoláire bocht an foiran ag teacht. Níor bhfada dó go bhfaca sé crainn is clocha á raobadh a bhí sé ansan nuair a tháinigh an fathach bacaigh ag triall air. "Cé hé seo?" arsa an fathach "a thóg seilbh ar m'fhódín dílis talmhan" "Is dócha gur tusa é" arsa sé leis an scoláire bocht ag tarraingt a chlaidheamh dúbalta. "ís mé" arsa an scoláire bocht.
    " Cioca ab fhearr leat, iomarscáil nó gábhail de claidthe ar easnuidheacha a chéile?" "B'fhearr liom" arsa an scoláire bocht "an t-iompascáil mar is air a bhí caitighe agam". Tharraing an fathach an claidheamh as an dúbala agus crioth sé seacht bpúint meirg dá faobhar an croth a thug sé di. Luigheadar chuige ansan an scoláire bocht agus an fathaigheach a bhí lán de dhroidheachta agus ba mhór an seo féachaint ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Concubhair
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Ballynamultina, Co. Waterford