School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Page 067
- XML “An Scoláire Bocht”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Feirmeoir ba eadh a athair agus b'é an scoláire bocht an mac ba shine a bhí aige, ní raibh sé ag déanamh aon obair corpardha dó. In aice na tine a bhíodh sé ina shuí gach lá. Bhí an fhoghlaim air go h-árd bhí na bliainta ag imeacht agus thuig sé ina aigne nár aon mhaith bheith sa mbaile. dúirt sé leis féin aon oíche amháin go raghadh sé ar siúl maidean dos na mháireach féachaint an bhfaigheadh sé aon slí maireachtaint. D'éirigh sé ar maidin agus d'ith sé a bhricfást agus i mean-lae iseadh chuaidh sé ar siúl. Bhí sé ag siúl rith an lae go raibh crothnún na h-oíche ag teacht air gur seoladh isteach i gclaise sléibhe é. Dúirt sé go ceart go mbeadh tigh feirmeora san áit go bhfaigheadh sé lóistín ann. Bhuail tigh feirmeora air. Chuaidh sé isteach thar doras agus d'fhiafraigh sé de'n mbean tighe an raibh an máistir istigh. Dúirt sí go raibh . Dúirt sé gur ag lorg oibre a bhí sé. "Tá sé ag lorg fear oibre" arsa sí sin leis. "Bhfuil tú ábalta an ba bainne a chrú" arsa sí. "Atáim" arsa sí.
Tháinigh an máistir isteach agus shocruigh sé leis ar feadh trí mhí sa Samhradh. Shocruigh sé síos ansan an oíche sin. Ar maidin dúirt an feirmeoir leis gurb é a bheadh le déanamh aige na ba a seoladh isteach gach amidin is tráthnóna agus faire na ndiaidh i rith an lae. Déirigh sé ar maidin agus rug sé na ba isteach leis. Crúdhadh (ar maidin) iad agus nuair a bhíodar crúidhta chuaidh an feirmeoir leis chun a teaspáint cá mbeidís ag inbhear. "Tá áitreabh fathaighe atá fé draíocht ar thaoibh an bhóthair agus caithfidh tú gan na(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Concubhair
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Ballynamultina, Co. Waterford