School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)féin dul abhaile agus teacht arís amárach.
Do chas an feirmeoir thar nais agus b'fada leis an dream a bhí i bhfeighil an téide an fhad a bhí sé uatha agus is ortha a bhí an t-áthas nuair d'aireaghadar ag liurigh ortha é.
"Coiméad greim daingean ar an dtéad go raghadh ag triall oraibh" arsa sé leo. Dheineadar amhlaidh agus níor bhfada go raibh sé ar a chuid talmhan fén arís.D'obair nár chuireadar as a mheabhair é len a gcuid ceisteanna. Thug sé tuairisc dóibh ar an áit shíos agus dúirt sé leo go bhfaighfuidhe saibhreas mór a dhéanamh den áit ach go mbeadh ortha a lán oibre a dhéanamh ar dtúis chun staighre do dhéanamh chun dul ag triall ar an áit.
Dheineadar an staighre agus chuir an feirmeoir díol ar gach aoinne a bhíodh ag dul síos. Tháinigh na daoine ina sluiaghtibh ó gach aon áit agus dhein sé mór-chuid airgid mar bhiodh fonn ar gach aoinne ach an áit d'fheiscint. Cé bhuadh a bhí ag an gceol théighidís go léir ag triall ar an sruthán agus le neart draíochta bhíodar ag dul anonn ó dhuine go duine go dtí go rabhadar go léir imithe agus gan aon 'áil ag aoinne aca casadh thar nais bun dóibh fé mar a bhain den chead duine agus is ann dóibh go fóil a dTír na nÓg. Do dhein an feirmeoir carn saobhreas agus ní baol gur thug sé fé na caoire do bhreith thar n-ais mar ní gadh dó é mar mhair sé go sásta searcaigh sámh de bhárr uan na caorach glaise agus a bhuachaill aimsire a chuaidh go Tír na nÓg.- Informant
- Micheál Ó Concubhair
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Ballynamultina, Co. Waterford