School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaar go dtí bruach an t-srutháin agus do chonacadar scata fear agus bean ag rinnce ar an dtaobh eile. Bhí fonn ortha dul treasna cúcha ach bhí roinnt eagla ortha tabhairt fé. Tháinigh duine den dream eile ag triall ortha agus thug cuireadh dóibh teacht treasna cúcha. D'fiafruigheadar de cá rabhadar nó dé'n ainm a bhí ar an áit.
"Tír na n-Óg ainm na h-áite seo ná tiocfaidh aois ná bhrón ná cathú go bráth ná choidhthe ar aoinne" arsa sé.
"Má thagann sibh treasna cughainn beidh na turtha fáilte róimh agus gheobhaidh sibh fuireach in ár measc choidche".
Chuaidh an buachaill aimsire treasna agus d'iarr an feirmeoir cead ortha dul thar nais abhaile agus go gcasfadh sé ortha lá ar 'ná mháireach. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. D'fhan an feirmeoir tamaill maith ag coinne leis an mbuachaill teact thar nais chuige. Do chuaidh an buachaill ag rinnce leo thall agus d'fhan ina fhocair go tráthnóna. bhí fonn air casadh ansan ach nuair a tháinigh sé dtí an t-sruthán bhí leithead abhann móire ann sa slí ná raibh aon 'áil air teacht treasna. Tháinigh an feirmeoir chuige ón dtaobh eile agus d'iarr air teacht thar nais cuige agus go raghaidís abhaile. Dúirt an buachaill ná raibh aon fághail aige air. "Conas a thiocfainn treasna" arsa sé i gcoinne an tuile mháir atá san abhainn. D'fhéach an feirmeoir treasna air agus iongantar air.
"Cá'il an tuile" arsa sé sin "dur ndóigh níl ansan ach sruthán beag.
"Ní h-amhlaidh é a mhic ó" arsa an buachaill aimsire "ach b'fhéidir gur b'fhearr duit(continues on next page)- Informant
- Micheál Ó Concubhair
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Ballynamultina, Co. Waterford