School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 059

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 059

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 059
  3. XML “Uan na Caorach Glaise”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    siúl leat agus teapánfaidh mé an áit duit. Níor theastaigh ón bhfeirmeoir imeacht ar dtúis shíl sé gur a' magach a bhí sé ach sa deire d'imigh sé leis. Dúirt an buachaill gur bhfearra lampa nó lochran solais a bhreith leo gur fearr an radharc a bheadh aca ar an áit shíos. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc. Gluaiseadar leo agus ba ghairid an mhoill aotha an áit a aimsiú. D'fheachadar araon ar an áit shíos agus deallraigh sé dóibh é bheith i bhfad síos uata ach fuaireadar radharc ar na bánta 's ar na caoire. Dheineadar machnamh ar feadh tamaill féachaint conas a bhfaighidís dul ag triall ortha. Dúirt an feirmeoir go raghaidís abhaile agus go ndeinidís réiteach ar an scéal fé mhaidin. Sé rud a cheapadar ná dréimirí agus téadacha d'fháil chun tabhairt fén áit shíos. Thugadar leo na guirléidí agus roinnt conganta lá ar na mháireach. Ceanglíadar téad mór a bhí aca le dréimire. Bhí greim ag an dream eile ar an dtéad agus bhíodar ag scaoiuleadh leis suim gan áireamh mar a shíleadar go dtí gur srois sé an áit síos i ndeire na scriobhadh.
    Luigh an fear síos ortha ansan go raibh sé ag cionn conaire fé slán agus fé mhaise agus d'iarr sé ar fear an tighe chuige. Do chuaidh an feirmeoir síos agus do leath an radharc ortha araon nuair a chonaiceadar áilneacht na h-áite. Dúradar lena chéile go bhféachadís mór thimpeall na h-áite ós rud é go rabhadar ann. Bh na mílte acra talmhan ann de thalamh breá féir glas agus sruthán beag ag rith tré lár na talmhan. Níor bhfada gur airigeadar ceol caoin cneasta ar an dtaobh eile den sruthán
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Concubhair
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Ballynamultina, Co. Waterford