School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 053

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 053

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 053
  3. XML “Eamonn Ó Loinnsigh”
  4. XML “Coiníní sa Churra”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuir sé úrnaighe chun Déaglán Naomhtha a radharc a casadh air agus dúirt "Dá mba thoil le Dia a radharc a choghadh gach aon Aoine sa bliain go dtabharfadh sé turus ar an tobair. Chas a radharc air.
    Sean-fhear ba eadh é nuair a tháinigh sé abhaile. Ní raibh aoinne dá mhuintir ann nuair a tháinigh sé abhaile. Bhí a chuid talmhan i seilbh duine éigin. Bhí a bhean is a chlann i mBostún i Sasana Nua.
    Mhair sé deich mbliaina i mbothán beag san áit gach aoinne a thagadh théifeadh sé go dtí Tobar Déaglán chun na turusanna a dhéanamh. Deir daoine gur dhein sé an tobar agus an áit timpeall air a deiriú. Tá sé curtha i sean reilig na Gráinse. Tá crann draighnigh ós cionn na h-uaighe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 'Sé an tiarna talmhan a bhí sa Churra fadó ná Abraham Fudge ó Cnoc na gCaorach. An uair sin coiníní ba eadh an Churra agus bhí an áit sin lán de coiníní. Bhí madraí na h-áite ag marbhú na coiníní go léir. Dúirt Fudge leis na tineontaithe na madraí a marbhú. Marbhuigheadar na madraí go léir ach amháin Seán Ó Loinnsigh. Ní mhairbh sé sin an madra a bhí aige. Tamaill ina dhiaidh sin bhí seán is a bhean ag baint prátaí, bhí an madra lena chois.
    Tháinigh Fudge isteach sa pháirc cúcha agus é ag dul timpeall ag fiach. Bhí gunna ina láimh aige. Nuiar a chonaic sé an madra chuir sé ceist ar an Loinnseach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Liam Ó Loinnsigh
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Age
    c. 65
    Address
    Curragh, Co. Waterford