School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)
- Location:
- Ardmore, Co. Waterford
- Teacher: Risteárd Neancól
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Áird Mhór, Eóchaill
- XML Page 041
- XML “An Bás”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl aon nidh ann is fearr ná an réidhteach
Ach ta dhuine leig daod dheas chainnt agus dod pléidhe liom
Afhaid thar lear a thánigheas féd dhéín-se.Ní raghad-sa leat thar lear más féidir
Go neosfair dom ciaca is fearr dul leat nó fuireach it ‘eagmhuis ios do rún nó cá bhfuil tú aodhaireacht.Tá m’aireacht mór-sa ar fuaid na h-Éireann
Gabhaim don Róimh agus do Tír na Greágach.
‘Nocht idtir na dTurcach a dheanfadh léir scrias.
Agus in níos lugha ná neomat beidh mé in Éigipt. Ní foláir nó tá droidheacht níos mó na cumhachta Dé agat is níos mó na neomat go siubhalfá an méid sin.Níl droidheacht níor mó ná comharta dé agam.
Acht tuig go cruinn cad a déarfadh
Gur mire mé ná an caol each
Ná an fiolar 7 ná an faoileann glé geal.
Ná an fheadóg fiadhain a bheadh na h-aonar.
Gus ná an seabhac ar inneall ar imeall an t-sleibhe amuigh.Is mire mé cead uair ná gath gréine.
Agus ná an long fé sheol nuair is mór bheadh gaoth ann.(continues on next page)