School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 037

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 037

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 037
  3. XML “Scéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Buachaill ó Bun Machain a tháinigh go dtí Árd Mhór Lá le Déaglán chun turus a thabhairt. Nuair a bhí sé ag imeacht dúirt a mháthair leis rud éigin ón tobar a thabhairt abhaile leis. Níor cuimhnigh sé ar aon rud go dtí go raibh sé ar an t-slí abhaile dó. Soir tríd an tráigh a bhí sé ag teacht nuair a cuimhnigh sé ar cad adúirt a mháthair leis. "Marbhócaidh sí mé" arsa sé ina aigne féin.
    D'fhéach sé timpeall air agus chonaic sé raic ar an dtuaigh. Rug sé an phíosa de agus chuir ina phóca é. "Deanfaidh sé seo an gnó" arsa sé ag cur píosa den sean-bhata droídhte ina phóca.
    Chuaidh sé abhaile go dtí a tigh féin. "Tá tú ag teacht a mhic ó" adúirt a mháthair leis. "Cad a thug tú abhaile chugham". "Ó tá sé agam" arsa sé ag tabhairt an sean phíosa bata di. "Thug mé é seo chughat ón tobar".
    Rug sí air agus phóg sí é agus i gcionn na h-oíche bhain sí fioghas na croise dá drom agus ní raibh pian ann ar feadh ceithre bliana. An maidin nuair a d'éirigh sí bhí an pian imithe.
    Bhí ceathrar nó cúigear timpeall na h-áite go raibh tinneas droma ag gabhailt dóibh . Thángadar cuichi bhain sí fioghar na croise díbh leis an mbuigín droidhte agus do leighead iad. Bhí an-trácht ar an leigheas ar fuaid na h-áite go léir agus bhí an mac ag éisteacht leis. Sa deire dúirt sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Bruadar
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Crossford, Co. Waterford