School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól

Filter stories

Back
/ 080 Forward
Resolution: Low | High
Áird Mhór,  Eóchaill | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 035

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Beannuighim díbh a lucht na mbrat
Ná cuirighidh suim in bhúr gcás
'S mairigh a bheadh ar an leaba
Gan capaid ar uiar a bháis
Duine gan céill ná géill dob pheacaidhe
Dein faoridín ionnta agus beidh tú id leanbh arís.
Chuaidh Muire 's a mac amach go moch ins an lá
Leathadar an brat, tháinigh Simon, fear beannaithe an Róimh
'S breá is beannaithe agus sí
Brat na trí brinnse óir
Brat a rugadh Críost fé agus ar baisteadh é
An té dhéanfadh na focail seo
Trí h-uaire gach aon mhaidean Luan
Cífeadh sé mac Dé trí h-uaire roimh a bhás
Agus ní rghaidh anam go h-Aifreann go bráth.

Informant
Micheál Ó Bruadar
Relation
not a relative
Gender
male
Address
Crossford, Co. Waterford
Language
Irish

Imeacht na ngrásta le h-anam ann na marbh
Máthair is mo mháthair mo driothár is mo driofúir
Go dtugadh Dia suaineas siorraidhe na bhFlaitheas
Dos na h-anamainn go léir agus fuscailt ó phianta prugadóireachta.