School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 031

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 031

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 031
  3. XML “An Leasmháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí cáirt bainne leagaithe isteach ar an mbórd do agus blúire arán. Chuaidh an maigistir, an maigistréir agus an cailín aimsire ag crua na mbó agus an garsún istigh ag ithe a shupéir. Nuair a bhí an suipéir ithe aige bhí na ba cruaite ag an gcuid eile agus thángadar isteach. Bhí bean a' tighe ag cur i gcóir suipéir dóibh san, bhí an garsúr cois ns tine agus an cuid eile aca timpeall an bhóird. Thugadh sí súil féachaint suas ar an garsúinín agus ar an neomat dearg leag sí súil air dhein sí ruaig bramma. Níor chuir sí puinn suime ansan, thug sí strach féachaint eile air, 'neomat dearg leag sí a shúil air dhein sí bruinn. Nach rug an garsún ar an bheidhlin, chuaidh sé ag imirt na bheihline. Seo an preabarnaigh agus ag rinnce timpeall an tighe iad. An muintir bhí ag an mbórd léimeadar leis bhíodar ag rince comh maith leis an mbean agus iad go léir ag bualadh i gcoinne a chéile. Níor stad sé go bráth go rabhadar leath-traochta aige. Nuair a chonaic sé go rabhadar leath-traochta, stad sé agus nuair a stad an ceol stad an rinnce. Chuaidh gach aoinne ag triall ar an leaba.
    Ar maidin bhíos ag an ngarsúinín cad a bhí roimhe dul amach lena chuid ba nach níor éirigh an bean go raibh sé geall leis an eadarshuth. Nuair a d'éirigh sí chuir sí suas a fear dul amach agus a mhac a lamhach dúirt sí go raibh sí go raibh rud éigint olc ann. "Feuch" arsa sí "nach geall nár mhairbh sé aréir sinn agus ná fuil fhios ag aoinne gur diabhal é".
    Rug fear an tighe ar an ngunna agus amach leis ag triall ar an mac. Chonaic an mac ag teacht é, rith sé ina choinne agus áthas air 'athair d'fheiscint. Ní bhfaigheadh an t-athair ón a aigne
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0592: The Dance Among Thorns
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Bruadar
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Crossford, Co. Waterford