School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 030

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 030

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 030
  3. XML “An Leasmháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "An dtabharfá blúirín den arán sin dom" arsa sé leis an mbuachaill. "Bheul tá beirt ma tú tar éis gabhailt thar brághaid agus tá mé tar éis roinnt leo is beag atá anois agam de nach is cuma mar gheall air bíodh sé agat-sa".
    "Anois" arsa an trág-tú fear leis "aom nidh is maith leat iarradh, iarr trí h-uaire agus gheobhair é. Iarr rud éigin a dhéanfadh maitheas éigin duit".
    "Tá leas-máthair orm" arsa an buachaill "agus tá sí go holc an ceann dom agus gach aon uair d'fhéachann sí orm is geall le summons é ach sé an rud atá uaim ort anois gach aon uair d'dhéachfaidh sí orm í déana bruinn". "Dé maith é sin" arsa an fear. "Bhí sé ceart agat rub éigint go mbeadh maitheas ann d'iarradh. Ach gheobhair é. Níl agat anois ach dá seans eile. Tá mé anseo gach aon lá i bhfeighil na mbó seo ó maidin go h-oíche agus bíonn uaigneas orm babhtaí agus dá mbeadh bheidhlín beag agam déanfadh sé caitheamh aimsire dom" arsa an mbuachaill. "Dé mhaith é sin adúirt an fear ach gheobhair é agus beidh sé mar bua ag an bheidhlín aoinne d'aireócaidh í go gcaithfidh sé rinnce agus na faighidh sé stad go dtadfaidh an bheidhlín". "Níl agat anois" arsa sé "ach aon seans amháin agus iarr rud éigint as fothramh". "Sé an rud atá mé chun iarradh ort anois" arsa an mbuachaill "nach gunna beag". "Bheul níl aon mhaith ann ach caithfir é d'fhágailt nach mbeidh sé mar bua ag an ngunna aon rud a chaithfidh sé leis go raibh sé lamhaighte".
    Chuaidh an garsún abhaile i gcionn na h-oíche len a chuid ba. Thiomáin sé na ba isteach sa macha cúcha
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0592: The Dance Among Thorns
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Bruadar
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Crossford, Co. Waterford