School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 029

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 029

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 029
  3. XML “An Leasmháthair”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feirmeoir ann fadó agus is fadó a bhí. Bhí sé pósta agus bhí aon mhac amháin aige. Ní raibh an leanbh ach cúpla bliain d'aois nuair a cailleadh a mháthair. D'éirigh an garsúinín suas go raibh sé in aois dul go dtí scoil agus bhí sé ina garsúinín maith. Phós an t-athair an tarna babhta. Níor thaithnigh an garsún leis an dara bhean in aon chor, bhí an-ghráin aici air. Bheadh sé comh maith léithe an diabhail d'fheiscint leis. Cuireadh sí d'feachaibh air dul amach i bhfeighil na mbó gach aon lá. Thugadh sí blúirín aráin dó dhéanfadh a dhinnéar chun ná bheadh sé ag teacht isteach. Ní theastaigh uaithe é teacht isteach bhí a leithéid sin de ghráin aici air. Bhí sé amuigh aon lá amháin agus tharraing sé an blúirín aráin chuige um eadarshuch. Bhí sé díreach ag tosnú adhithe nuair a ghaibh fear tharais agus stad sé agus dúirt "An dtabharfá blúirín den aráin sin dom?" arsa sé. "Is beag atá agam de" arsa an mbuachaill "ach dá luighe é tabhairfidh mé blúire dhuit-se de ag tabhairt an leath dó.
    D'imigh an fear leis ní raibh sé a bhfad imithe nuair a tháinigh fear eile. "An dtabharfá blúirín den aráin sin dom?" arsa an dara fear. "Bhuel anois díreach ghaibh fear mar thú an slí agus d'iarr sé bluire orm. Is beag atá anois agam de ach dá laighead é tabhairfidh mé bluire duit-se ag déanamh dhá leath de'n mbluirín a bhí aige agus ag tabhairt an leath dó. D'imigh an fear sin lei.
    Níor bhfaor gur ghaibh an tríú fear thar brághaid
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0592: The Dance Among Thorns
    Language
    Irish
    Informant
    Micheal Ó Bruadar
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Crossford, Co. Waterford