School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 026

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 026

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 026
  3. XML “An Playsham”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    "Seo dhuit an tslaitín seo" arsa sí "agus leag ar an abhainn í, imigh leat agus leanfaidh an abha tú pé áit atá uait í a chuir".
    D'imigh sé leis chuaidh sé ag triall ar an abhainn. Leag sé an slaitín ar an abhainn. "Gluais leat" arsa sé léi. D'imigh sé leis. Lean an abha é gur thug sé suas cliathánach leis an gcúirt í. D'fhág sé ansan í. Bhí sé ag dul ag triall ar a bhaile agus tháinigh an bhainín arís air. Beannaíodar a chéile. "An d'aistrigh tú an abha?" arsa sí. Dúirt sé léi gur dhein. "O bhí deire leatmuireach gur thaithnigh tú liomsa mar teastaíonn ó do bhean tú marbh nach mbeidh tú suas anois léi. Tá sí istigh anois i bhfochair an ministéar ach scaoil leo go dtiochfaidh an oíche gan aon gabhair a bheobhaidh cú. Leag an tslaitín seo ortha agus leanfaidh na gabhair tú agus an méid d'fearfaidh tú díobh tabhair leat iad go dtí doras am ministéir agus beidh gach aon lúigh aca botheráilfidh siad an ministéir agus a bheidh istigh. Tiochfaid siad amach chun iad a thiomáint chun siúl agus de réir mar a thiochfaidh siad cimil an tslaitín dóibh agus cheanglódh siad leis na gabhair.
    D'imigh Liam leis ansan agus bhailigh sé a raibh de ghabhair as an mbaile, bhí ansan ag an doras é féin agus a chuid gabhair agus gan aon luigh ag na gabhair. "Teighis amach" arsa an mainistir leis an mbuachaill " agus tiomán na gabhair as san",
    Amach leis an mbuachaill, nuair d'oscail sé an doras bhí na gabhair leath ismuigh den doras. Rug sé ar ceann des na gabhair, cheangail a lámh den gabhair agus chimil Liam Gréasaí an tslaitín dé thóin. Bhí sé ansan ag liúrigh comh maith leis na gabhair. "Dé'n diabhal atá sé sin ag déanamh amuigh"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1406: The Merry Wives Wager
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Bruadar
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Crossford, Co. Waterford