School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 022

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 022

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 022
  3. XML “An Playsham”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Rug sí in áirde ar cúl air agus straic sí amach as an leaba é agus dúirt leis cur de. Ní raibh sé i bhfad go raibh sé ag teacht suas leis an tsocraid. Nuair a chonaic muintir na socraide é leagadar an coifín annús ar claidhe an bóthair agus theicheadar.
    Nuair a tháinigh an beileadóir suas shuí sé ar an gcoifín agus dimir sé máise an bháis. Ní raibh sé ró-fhada ar an imirt nuair d'airigh sé rud éigint ag corraighe istigh sa coifín. Leag sé uaidh an bheidhlin agus chuir cluas as féin. D'airigh sé an fothrom arís.
    "An tú Séamus" arsa sé.
    "Is mé cheana" arsa Séamus "oscail agus lig amach mé".
    Bhain sé an clár den coifín agus phreab an táilliúr amach.
    "Sin é mar a dhein ár gcuid ban leis" arsa sé nuair a d'airigh sé an scéal. Aibíd a bhí ar an dtáilliúr agus sean-léine ar an bheileadóir agus teicheadar comh mear agus ab fhéidir leo abhaile i dtreó na feiceóchadh aoinne iad. Sin iad na h-amadán a dhein an bhean san dá gcuid fear.
    Bhí Líam gréasaí agus a bhean ag dul go dtí an aifreann an Domhnach a bhí na gceann agus bhí cuid des na comhairsain ina fhochair. Nach, bhí linn mhór uisce ar thaobh an bhóthair agus caith bean Líam í féineach isteach sa linn. Rug mná na comharsain uirthi agus strachadar amach as an linn í. Bhí sí mar bhean a bhí as a mheabhair, bhí sí d'iarraidh dul isteach sa linn ga buidheadar dóibh. D'iarradar di an raibh aon rud chun aon mhaith a dhéanamh dí.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1406: The Merry Wives Wager
    Language
    Irish
    Informant
    Micheál Ó Bruadar
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Male
    Address
    Crossford, Co. Waterford