School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 014
  3. XML “Caoineadh Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí fear ann fadó, bhí ríamh agus beidh go deo, duine uasal be eadh é agus bhí inghean aige, Cailín breá ba eadh í agus ní tabharfadh sé d'aoinne le pósadh ach duine éigint a bhí ábalta ar trí nídh a dhéanamh. Chuaidh fear cuige maidin amháin agus d'iarr an inghean air chun í pósadh. "Tabharfidh mé" arsa sé "má tá aoinneach agat a bhuaidhfaidh bhean feasa atá annso agam". "Tá go maith" arsa an fear tiocfaidh mé fé na déin seachtain ó inniú".
    Bhí sé ag imeacht roimhe annsan gur bhuail fear leath-coise air agus é ina suidhe ag aodaireacht girrfidhthe. "Gluais leat liomsa" arsa sé leis an duine. "Ní bhfaighinn mo shiúl a thógaint díobh so" arsa an duine. "Tar liomsa" arsa an fear "agus tabharfaidh mé deich scilling duit agus buidéal fuisce". Tharraing sé an buidéal as a phóca agus thug sé braon dó.
    Bhíodar ag imeacht leo araon agus ceangaidh fear eile leo agus a cluais leaguithe ar linncéir aige. "Cad atá tú ag déanamh annsan?" arsa sé. "Tá mé ag éisteacht le beirt bhan ag bruighean amuigh i Sean-Shasana" arsa fear 'n linntéara. "Gluais liomsa" arsa an fear "agus tabharfaidh mé deich scilling agus do dhóthain den buidéal seo dhuit". Bhíodar ag imeacht leo agus theangaigh an tríú fear dó. 'Sé bhí sé ag déanamh ná ag casadh muillinn lena chinncín. "Cad atá ag déanamh?" arsa an fear leis. "Ná feiceann tú go bhfuilim ag coiméad an muilinn seo ag obair" arsa sé.
    "Tair liomsa" arsa an fear leis "agus tabharfaidh mé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0513A: Six Go through the Whole World
    Language
    Irish
    Informant
    Eibhlís Bean Uí Bhruadar
    Relation
    Not a relative
    Gender
    Female
    Age
    c. 60
    Address
    Crossford, Co. Waterford