School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 007
  3. XML “Aonach an tSléibhe”
  4. XML “Naomh Déaglán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an treasgairt dhéanfaidís. Ingiorracht de mhíle de pháirc an aonaigh tá áit , glaodhann siad an Mhoing air. Le linn bobhta árd bpingin le bataí dos na mháireach bhí sean mhná no Noingne bailithe isteach istigh comharsan agus iad ag seanchas ar an níbobtha. Bhí duine des na sean-mnáibh agus níor tháinigh focal asta ach ag éisteacht leis an gcuid eile. "De Mhuire" arsa sí sa deire "sibhse ag trácht ar bpighean ná raibh mé féin ag triall suas ar an aonach i dteannta an eadoritha, bhí mé faid dhá pháirc ópháirc an aonaigh nuair d'airigh mé an teiligh agus an bualadh bpigin, stad sé ag éisteacht agus d'aitin mé buillí dorna cruadha Sheáin amach ón méid a bhí ann ar fad". B'é duine Seán ná a mac féin. Bhíodh cabáin ar an aonach san, doraon díobh tré pháirc an aonaogh. Cabár óil ann, cabhán agus crúbíní muc ann, cabán eile agus té agus cóireacha ithe le fághailt ann.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fadó ríamh oileán ba eadh Árdó, bhí an fairrge ó Árd Mhór go Béal Abha'. An uair sin bhí Naom Deaglán ag obair i bfochair feirmeóra in Árdó. I bfeighilt muc a bhíodh sé ó mhaidin go h-oidhche. San Earraigh bhíodh ráiseanna sa tráigh agus theigheadh muintir Árdó go léir dtí's na ráiseanna. An lá breagh Earraigh seo bhí síolta curtha ag an bhfeirmeóir agus tar éis dinnéir dubhairt na fir go bís go raghaidís dtí's na ráiseanna. Shíl an feirmeóir iad a stop acht ní bhfaigheadh sé. Sé rud a dhein sé annsan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish