School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 005

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 005

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Áird Mhór, Eóchaill
  2. XML Page 005
  3. XML “Oíche Fhéile Mártain”
  4. XML “Aonach an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus annsan d'migh sé as a radharc. Ar an am san ba ghnáthach congnamh chun an iasg a thógaint, bhíodh gach fear is bean idir óg is aosta san obair.
    Bhí an oidhche go ciúin agus níor thógadar comhairle fhir an chapaill bháin. Le linn na líonta bheith caithte aca d'eirigh an gala. D'iompuigheodh na báid agus ins an slighe[?} dar ná mháireach go raibh ceithre ficheadh baintreach sa bhaile, gan trácht ar an méid garsún a bádadh sa ghála.
    Bhí baintreach san áit go raibh a chlann ag iasgaireacht. Bhí beirt mhac agus beirt inghean léi i mbád. Bádadh an ceathrar aca Taréis na cuirp d'faghailt, dhein sí caoineadh ós' a gcionn. Thosnuigh sí mar seo:
    "Ag Faill na gCaorach bhí mo bhean spéir sínte
    Agus ag Tráigh Mhór shíos fuaireadh na garsúin críonna"....
    (Ní bhfaigheadh sé cuimhneamh acht ar an méid sin den chaoine).
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fé dhó sa bhliadhan bhíodh aonach an tsléibhe aige Crosaire Cadhla. Bhí an áit sin áirighte leath-slighe idir Dúngarbhán agus Eochaill. Le linn na h-uaire sin ní raibh aon traen ann is amhlaidh chaithtí siubhal an bóthar. Lá aonaig fé leith be eadh Lá Bealtaine agus dá dtuiteadh sé an Domhnach an lá ne dhiaidh bheadh an t-aonach ann. Bhiodh aonach ann leis ar an 24adh Mí July - Lá le Deaglán. Ní bheadh aon seanchas ar feadh seachtmhairí nach cérb' iad na fearaibh is díichighe thabharfadh an sway leo b'iad san an fear a b'fhearr d'fhéadfadh cloigíní a bhriseadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish