School: Áird Mhór, Eóchaill (roll number 3858)

Location:
Ardmore, Co. Waterford
Teacher:
Risteárd Neancól

Filter stories

Back
/ 080 Forward
Resolution: Low | High
Áird Mhór,  Eóchaill | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0643, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

Bhí mac an Gobán Pósta agus nuair a tháinigh sé thar nais an dara lá, d'iarr a bhean de dé chúis ar chasadar. D'inis sé di conas mar a bhí. "A Amadáin" arsa sí "Inis scéal nó ráiméis éigin dó. Sin é a theastaíonn uaidh".
An tríú lá chuireadar chun bóthair agus nuair a bhí tamall de'n bótharsiúlta aca. Dúirt an Gobán "Giorraigh an bóthar a mhic" agus thosnaigh an mac ag imirt sean-scéal éigin.
D'imíodar leo ar an gcuma san gur shroiseadar áit a dtriall.

Deirtear go raibh naoi n-oidhche agus oidhche gan áireamh ó oidhche Shamhna go dtí oidhche Fheil' Mhártain. Ba ghnáthach an t-am san go leór éisg a bheith á thógaint sa chuan i mBaile Mhic Códa agus comhairligh na h-iasgairí i dteannta a chéile gur b'é an feall leigeant don t-iasg dul le fán agus shocruigheadar as béal a chéile go gcaithfidís na líonta cé nár deineadh a leithéid le cuimhne aoinne riamh.
B'é tuairim na ndaoine nár cheart dul ag iasgaireacht an oidhche sin. Le linn agus iad ag dul ins na báid tháinig fear ar dhrom chapaill bháin treasna na trágha agus dubhairt leó gan dul amach. Níor dhein sé acht an chainnt a rádh agus é ag gabhailt thórsta

(continues on next page)
Language
Irish