School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 464

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 464

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 464
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Naomh Peadar ansan agus dúirt sé leis ná ligfí isteach in Iofrann é. "Bhfuil a fhios agat" arsa Naomh Peadar "Tabharfaidh mise lámpa dhuit agus gheobhaidh tú a bheith dul a thimpeall ag chur eagla ar gach aoinne a bheidh amuigh déanach san oíche.
    Ghlaoch "Jackie the Lantern" ar Jackie riamh ina dhiaidh sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ina chónaí sa Seana Phobal fadó.
    Lá amháin dúirt sé lena bhean go rachadh sé go hEochaill fé dhéin bróga dos na leanaí.
    Bhí cat aca sa tigh agus bhí sé ábalta caint. Nuair a bhí an fear ag imeacht dúirt an cat leis bróga a thógaint abhaile chuige.
    Chuaidh an fear go hEochaill agus fuair sé bróga dos na leanaí ach ní bhfuigheadh sé bróga d'fháilt beag go leor don gcat.
    Nuair a bhí an fear ag teacht abhaile chuaidh sé síos go fear a bhí ina chónaí i mBeal Abha agus d'inis sé dó cad a bhí bun ós cionn leis.
    "Bhfuil a fhios agat" arsa an fear ó Bhéal Abha, "tóg an cat síos chumsa i mbáireach agus maróidh mise é". "Gheobhaidh tú rá leis go gcaithfidh tú ú a thógaint go Eochaill chun na bróga a fháilt".
    Dúirt an fear eile go dtógadh sé an cat síos chuige an céad lá eile.
    An lá ina dhiaidh sin thóg sé an cat go Beal Atha agus maraíodar é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.