School: An Ghráinseach, Eóchaill

Location:
Grange, Co. Waterford
Teacher:
Deaglán Ó Cuilliú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 463

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 463

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
  2. XML Page 463
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Deirtear gurbh é gabha "Jackie the Lantern" fadó.
    Bhí sé an-cheanúil ag an ól. Tháinigh lá agus ní raibh aon airgead aige chun aon ól a cheannach. Tháinigh an diabhal chuige agus bhí sé á theimteál. Dúirt sé le Jackie go ndéanfadh sé scilling de féin dá dtabharfadh sé a fhocal go raghadh sé síos go h-Iofrann nuair a gheobhadh sé bás. Dúirt Jackie leis go raghadh. Ansan dhein an diabhal scilling de féin agus chuaidh sé isteach i mála airgid Jackie.
    D'fhág Jackie an mála ar chloch. Fuair sé casúr ansan agus thosnaigh sé ag bualadh an mhála leis an scilling istigh ann. Bhí gach aon scread ag an diabhal istigh sa mála. Bhí sé ag rá le Jackie é ligint amach.
    Dúirt Jackie leis ná leigfeadh sé amach é go ngeallfadh sé ná caithfeadh sé féin dul síos go hIofrainn nuair a gheoghadh sé bás. Dúirt an diabhal ná caithfeadh.
    Chuaidh Jackie ag ól agus caith sé an scilling. Nuair a fuair Jackie bás chuaidh sé suas go dtí na Flaitheas. Bhí Naomh Peadar ina sheasamh lasmuigh de na geataí agus ní ligeadh sé isteach é. Chuaidh Jackie síos go hIofrann ansan agus bhí diabhal ina sheasamh lasmuigh den doras agus chuaidh sé isteach agus d'inis sé don diabhal cé bhí ann. Dúirt an diabhal leis gan Jackie a ligint isteach mar go marbhóchadh sé gach aoinne in Iofrann. Chuidh Jackie suas go dtí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.