School: An Ghráinseach, Eóchaill
- Location:
- Grange, Co. Waterford
- Teacher: Deaglán Ó Cuilliú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Page 427
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)do thabhairt di agus rá lena máisitir gur thóg an madra rua é agus go bpósfadh sí é.
Uain beag dubh ba eadh é seo agus do bhí an-chion ag a mháisitir air ach mar sin féin thug sé don gcailín é. Nuair do bhí sí imithe do bhain sé a chóta mór de agus do chroith sé é ar chrann agus do thosnaigh sé ag caint leis mar do bheadh sé ag cainnt lena mháistir.
"Dia is Muire dhuit, a Sheáin" ar sé.
"Dia is Muire dhuit is Pádraig" arsa Seán.
"Bhfuil na caoire go léir agat?" arsa sé arís.
"Tá" arsa Seán.
"Cá bhfuil an t-uan dubh" ar sé.
"Thóg an madra rua é".
"Ní dhéanfaidh san an gnó" arsa sé leis féin "caithfidh mé an rud ceart a rá, ní dhéanfadh sé an gnó dhom bheith ag innsint éithigh anois"
Tháinigh a máistir an chéad lá eile pé scéal é.
"Dia is Muire dhuit, a Sheáin" ar sé.
"Dia is Muire dhuit is Pádraig" arsa Seán.
"Bhfuil na caoire go léir agat, a Sheáin?" arsa sé.
"Nílid" arsa Seán leis.
"Cioca acu atá imithe?" ar sé le Seán.
Tá an t-uan dubh imithe" arsa Seán leis.
"Cá bhfuil sé imithe?" arsa an máistir.
"Innis Seán an scéal go léir de ansan agus ní bhfuigheadh aoinne iachaibh a chuir air éithig do innsint.- Collector
- Seán Ó Cuilliú
- Gender
- Male
- Informant
- Bean Treó
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Grange, Co. Waterford