School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Páiste a bhí ag na Sidheóga.
Bhí fear sa sean-phobal agus nuair a bhí sé óg bhí sé in a chomhnuidhe le n-a shean-mháthair. Aon oidhche amhaín bhí a mháthair ag dul síos treasna na páirce agus chonnaic sí solus in tig agus chuaidh sí straeh. Bhí na daoine maithe istigh agus bhí páiste acu. Do seasuigh an mháthair ag an dorus ag feuchaint ortha. Bhí an leanbh acu agus iad ag rádh - "slán as mo láimh-se agus slán id' láimh-se." Bhí san ar siubhal go dtí gur tháinigeadar go dtí an dorus. Annsan dubhradar - "slán as mo láimh-se agus slán id' láimh-se agus is duit is cóir é." Thug sí an páiste abhaile agus bhí an páiste eile a bhí sa mbaile ag gol. Tar éis tamaill fuair sé bás. Do chuir an bhean so sceul suas go dtí n-a máthair agus dubhairt sí go raibh an páiste tar éis bháis. Ní dubhairt sí aon rud acht tug sí airgead don mbean agus do chuir sí an páiste. Nuair a bhí an páiste fásta bhí sé láidir agus bhí buadh reatha aige. Tá an fear san curtha sa sean-phobal agus tá a uaigh sa sean reilig.- Collector
- Tomás Ó Finn
- Gender
- Male