School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 358

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 358

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 358
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí sí ina chónaí léi féin. Bhí beirt mhac aici i bhfad ó bhaile. Bhí sí ag scríobh cúthu agus ní raibh siad ag scríobh chúici. Aon lá amháin bhí sí ag féachaint amach an doras. Chonaic sí fear ag teacht aníos an bpáirc. Dúirt sí léi féin gur é an mac a bhí ann. Tháinigh eagla uirthi agus dúirt 'is dócha go raibh an mac tar éis bháis'.
    Cúpla lá ina dhiaidh fuair sí litir ón mac eile á rá go raibh a deartháir tar éis bháis. Dúirt sí léi féin gur tháinigh sé a rá léi go raibh sé tar éis bháis.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ann uair amháin agus bhíodh sé i gcónaí ag ól. Bhí sé ins na saighdiúirí nuair a bhí an Cogadh Mór ann agus fuair sé ocht scilling sa seachtain. Gach oíche rachadh sé ag ól.
    Aon oíche amháin bhí sé ag teacht abhaile agus bhí sé timpeall a bhuille a chlog san oíche. Chonaic sé rud bán ar an mbóthar gairid don chlaidhe. Shíl sé gur caoire a bhí ann. Nuair a chuaidh sé gairid dó ní caoire a bhí ann ach madra mór agus adharca móra aige. Bhí an fear ar meisca agus thit sé anuas ar an mhadra. D'éirigh an madra agus marbhaigh sé é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás de Róiste
    Gender
    Male
    Age
    14
    Informant
    Tomás Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    60