School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 357
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fadó agus bhí iníon amháin aici. An lá seo chuir sí an iníon amach ag piocadh bataí. Bhí lios ins an pháirc. Nuair a bhí sí ag teacht gairid don lios d'airigh sí na daoine ag béice istigh. Bhí amhrán ar siúl aca.
Sé an t-amhrán a bhí aca ná Seo Hín, Seo Hó. Bhí sí ag éisteacht leo ar feadh tamaill. Chuaidh sí gairid don doras a bhí aca. Tháinigh beirt buachaillí beaga amach go dtí an doras agus cótaí dearga ortha. Thugadar isteach sa lios í. Bhí sí ag béiceadh.
Thugadar dinnéir breá di. Nuair a bhí an dinnéir ithe aici dúirt siad léi fanacht agus an dinnéir a fhaghailt gach lá agus d'fhan sí. - Bhí fear ina chónaí sa Rinn fadó. Bhíodh sé ag obair timpeall trí mhíle ón a thig féin. An oíche seo bhí sé ag fágaint an tigh ins an áit a raibh sé ag obair. Bhí sé rud beag déanach ach ní raibh sé ró-dorcha. Bhí sé ag siúl. Nuair a bhí sé ag teacht thar droichead chonaic sé mála mór i lár an bhóthar.
Tháinigh eagla air. Chuaidh sé gairid don claidhe chun fuireach amach ón mhála ach tháinigh buile air. Fear láidir ab eadh é agus ní raibh aige ach léim tharais. Bhain sé léim ar a chorp agus chuaidh sé tharais agus geallaim duit nár bhain sé i bhfad do a bhaile a(continues on next page)- Collector
- Tomás de Róiste
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Informant
- Tomás Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 60